Seachtain na Gaeilge 2017

D’éagraigh Gaeltacht Bheo Fhánada Seachtain na Gaeilge álainn eile i mbliana.

Ghlac na páistí uilig páirt i gcomórtas Éalaíne le téama “Tá Gaeltacht Fhánada Beo “. Fuair Aoibhinn duais sa chomórtas.

Ghlac páistí Rang 3 – 6 páirt i dTráth na gCeist leis na scoileanna uilig sa cheantar i Scoil Mhuire Caiseal. Bhí am ar dóigh acu. D’imir na bunranganna le páistí óga Scoil Mhuire fósta ar an lá.

Bhí Lá Gaelach againn uilig ar 16ú Márta agus ghleas achan duine in éadaí glasa.

Ar an Satharn chuaigh alán dúinn chuig Teach Solais Fhánada chun ceiliúradh 200 bliain le Mórshiúil na láindéir agus Tinte éalaíne. Cé go bhfuair muid fliuch báite, is oíche den scóth a bhí ann. Gaeltacht Fhánada Abú !