HB Fun Day

Bhí am ar dóigh ar fad againn ag an HB Fun Day i Scoil Mhuire Caiseal ar an Aoine. D’ith muid uachar reoite agus glóthach, cacaí agus brioscaí ! Cheannaigh muid leabhair agus breagáin! D’imir muid peil agus bhí muid ag léimní ar preabchaisleáin ! Ach, an rud is fearr faoin lá ná go bhfuair muid uilig seans súgradh le páistí ó na scoileanna eile i gceantar Fhánada. Go raibh míle maith agaibh Scoil Mhuire Caiseal don chuireadh chuig an HB Fun Day. Tá súil againn go mbeidh sé ar siúl arais an bhlian seo chugainn.