Lá Glas

Rinne na páistí céiliuradh mór fá choinne lá le Pádraig i mbliana. Rinne na páistí ealaín galánta- hátaí agus seamróga don ócáid speisialta. D’fhoghlaim na páistí na h-amhráin nua ‘Teir Abhaile ‘Riú’ agus ‘Beidh Aonach Amárach’ le Múinteoir Gráinne. Sheinn na páistí san Ard-Rang an bodhrán leis an ceol. Bhí sé thar barr! Ghléas na páistí suas in éadaí glasa ar an 16ú de Mhí Márta agus ghlac achan duine páirt i mór shiúil timpeall na scoile leis na h-uirléisí ar fad ☘️