Seachtain na Gaeilge☘️

Ghlac na páistí ar fad páirt i gcomórtas ealaíne do Sheachtain na Gaeilge. Rinne na páistí machnamh agus ceiliúradh ar áilleacht Fhanada fríd a gcuid bpictiúir. Comhghairdeas leis na páistí ar fad agus go háirithe le Kerri a tháinig sa darna háit le a cuid pictiúr galánta den droichead. Bhí an spórt againn ar an Chéadaoin nuair a chuaigh an ard-rang trasna go Caiseal. Bhí tráth na gceist ar dóigh eagraithe ag Scoil Mhuire do na scoileanna eile sa cheantar. Comhghairdeas leis na páistí go léir agus go háirithe le fhoireann Aaron a tháinig sa darna háit.